1. Beidh i bhfeidhm ag na heintitis faoi oibleagáid beartais, nósanna imeachta agus rialuithe inmheánacha chun a áirithiú go gcomhlíonfar an Rialachán seo, Rialachán (AE) 2023/1113 agus aon ghníomh riaracháin a eisíonn aon mhaoirseoir agus go ndéanfar an méid a leanas go háirithe:
(a) | maolú agus bainistiú éifeachtach a dhéanamh ar na rioscaí sciúrtha airgid agus maoinithe sceimhlitheoireachta a shainaithnítear ar leibhéal an Aontais, an Bhallstáit agus an eintitis faoi oibleagáid; |
(b) | i dteannta na hoibleagáide smachtbhannaí airgeadais spriocdhírithe a chur i bhfeidhm, maolú agus bainistiú a dhéanamh ar na rioscaí a bhaineann le mainneachtain cur chun feidhme agus imghabháil na smachtbhannaí airgeadais spriocdhírithe. |
Beidh na beartais, na nósanna imeachta agus rialuithe dá dtagraítear sa chéad fhomhír comhréireach le cineál an ghnó, lena n-áirítear a rioscaí agus a chasta atá sé, agus méid an eintitis faoi oibleagáid agus cumhdóidh siad gníomhaíochtaí uile an eintitis faoi oibleagáid a thagann faoi raon feidhme an Rialachán seo.
2. Ar na beartais, na nósanna imeachta agus na rialuithe dá dtagraítear i mír 1 áireofar an méid a leanas:
(a) | beartais agus nósanna imeachta inmheánacha lena n-áirítear go háirithe:
|
(b) | rialuithe inmheánacha agus feidhm iniúchóireachta neamhspleách chun tástáil a dhéanamh ar bheartais agus nósanna imeachta inmheánacha dá dtagraítear i bpointe (a) den mhír seo agus na rialuithe atá i bhfeidhm san eintiteas faoi oibleagáid; in éagmais feidhm iniúchóireachta neamhspleách, féadfaidh na heintitis faoi oibleagáid a chur ar shaineolaí seachtrach an tástáil sin a dhéanamh. |
Na beartais, nósanna imeachta agus rialuithe inmheánacha a leagtar amach sa chéad fhomhír, taifeadfar i scríbhinn iad. Déanfaidh an comhlacht bainistíochta i gcáil a fheidhme bainistíochta na beartais inmheánacha a fhormheas. Déanfar nósanna imeachta inmheánacha agus rialuithe inmheánacha a fhormheas ar a laghad ar leibhéal an bhainisteora um chomhlíonadh.
3. Coinneoidh na heintitis faoi oibleagáid na beartais inmheánacha, na nósanna imeachta agus na rialuithe suas chun dáta, agus feabhsóidh siad iad áit a sainaithnítear laigí.
4. Faoin 10 Iúil 2026, eiseoidh AMLA treoirlínte maidir leis na heilimintí ar cheart do na heintitis faoi oibleagáid iad a chur san áireamh, bunaithe ar chineál a ngnó, lena n-áirítear a rioscaí agus a chasta atá sé, agus a méid, agus cinneadh á déanamh maidir le méid a mbeartas, nósanna imeachta agus rialuithe inmheánacha, go háirithe i ndáil leis an bhfoireann arna sannadh ar na feidhmeanna maidir le comhlíonadh. Sainaithneofar leis na treoirlínte sin freisin cásanna ina ndéanfaí, de bharr chineál agus mhéid an eintitis faoi oibleagáid, an méid seo a leanas:
(i) | tá rialuithe inmheánacha le heagrú ar leibhéal na feidhme tráchtála, na feidhme comhlíonta agus na feidhme iniúchóireachta; |
(ii) | is féidir le saineolaí seachtrach an fheidhm iniúchóireachta neamhspleách a chur i gcrích. |