Airteagal 76 – Sonraí pearsanta a phróiseáil

1.   A mhéid is fíorghá chun sciúradh airgid agus maoiniú na sceimhlitheoireachta a chosc, féadfaidh eintitis faoi oibleagáid próiseáil a dhéanamh ar chatagóirí speisialta sonraí pearsanta dá dtagraítear in Airteagal 9(1) de Rialachán (AE) 2016/679 agus ar shonraí pearsanta a bhaineann le ciontuithe coiriúla agus cionta dá dtagraítear in Airteagal 10 den Rialachán sin faoi réir na gcoimircí dá bhforáiltear i míreanna 2 agus 3 den Airteagal seo.

2.   Beidh eintitis faoi oibleagáid in ann sonraí pearsanta a chumhdaítear le hAirteagal 9 de Rialachán (AE) 2016/679 a phróiseáil ar choinníoll:

(a)

go gcuireann siad a gcustaiméirí nó a gcustaiméirí ionchais ar an eolas go bhféadfar catagóirí na sonraí sin a phróiseáil chun ceanglais an Rialacháin seo a chomhlíonadh;

(b)

go mbeidh na sonraí de thionscnamh foinsí iontaofa agus go mbeidh siad cruinn agus cothrom le dáta;

(c)

nach ndéanann siad cinntí as a dtiocfadh torthaí claonta agus idirdhealaitheacha ar bhonn na sonraí sin;

(d)

go nglacann siad bearta ar ardleibhéal slándála i gcomhréir le hAirteagal 32 de Rialachán (AE) 2016/679, go háirithe i dtéarmaí rúndachta.

3.   Beidh eintitis faoi oibleagáid in ann sonraí pearsanta a chumhdaítear le hAirteagal 10 de Rialachán (AE) 2016/679 a phróiseáil ar choinníoll go gcomhlíonann siad na coinníollacha a leagtar síos i mír 2 den Airteagal seo agus:

(a)

go mbaineann na sonraí pearsanta sin le sciúradh airgid, a chionta preideacáide, nó le maoiniú na sceimhlitheoireachta;

(b)

go mbeidh nósanna imeachta i bhfeidhm ag na heintitis faoi oibleagáid a lamhálann idirdhealú, agus na sonraí sin á bpróiseáil, idir líomhaintí, imscrúduithe, imeachtaí agus ciontuithe, agus an ceart bunúsach chun triail chóir a fháil, an ceart cosanta agus toimhde na neamhchiontachta á gcur san áireamh.

4.   Ní dhéanfaidh eintitis faoi oibleagáid sonraí pearsanta a phróiseáil ar bhonn an Rialacháin seo ach amháin chun cosc a chur ar sciúradh airgid agus ar mhaoiniú sceimhlitheoireachta agus ní dhéanfar tuilleadh próiseála orthu ar bhealach nach bhfuil ag luí leis na críocha sin. Toirmeascfar sonraí pearsanta a phróiseáil ar bhonn an Rialacháin seo chun críocha tráchtála.

5.   Féadfaidh eintitis faoi oibleagáid cinntí a ghlacadh a eascraíonn as próisis uathoibrithe, lena n-áirítear próifíliú mar a shainmhínítear in Airteagal 4, pointe (4), de Rialachán (AE) 2016/679, nó as próisis lena mbaineann córais intleachta saorga mar a shainmhínítear in Airteagal 3, pointe (1),) de Rialachán (AE) 2024/xxx ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle  ar choinníoll:

(a)

nach mbaineann na sonraí a phróiseáiltear leis na córais sin ach le sonraí a fhaightear de bhun Chaibidil III den Rialachán seo;

(b)

go bhfuil aon chinneadh maidir le gaolmhaireacht gnó a dhéanamh nó diúltú gaolmhaireacht gnó a dhéanamh nó a choinneáil ar bun le custaiméir nó maidir le hidirbheart ócáideach a dhéanamh nó diúltú é a dhéanamh do chustaiméir, nó méid na mbeart díchill chuí do chustaiméirí a chuirtear i bhfeidhm de bhun Airteagal 20 den Rialachán seo a mhéadú nó a laghdú, faoi réir idirghabháil fhóinteach dhaonna chun cruinneas agus oiriúnacht an chinnidh sin a áirithiú, agus

(c)

go bhféadfaidh an custaiméir míniú a fháil ar an gcinneadh ar tháinig an t-eintiteas faoi oibleagáid air, agus go bhféadfaidh sé agóid a dhéanamh i gcoinne an chinnidh sin, ach amháin maidir le tuarascáil dá dtagraítear in Airteagal 69 den Rialachán seo.

Scroll to Top