1. Tuairisceoidh daoine a thrádálann in earraí ardluacha don FIU gach idirbheart a bhaineann le díol na n-earraí ardluacha seo a leanas nuair a fhaightear na hearraí sin chun críocha neamhthráchtála:
(a) | mótarfheithiclí ar phraghas EUR 250 000 ar a laghad nó a choibhéis san airgeadra náisiúnta; |
(b) | árthaí uisce ar phraghas EUR 7 500 000 ar a laghad nó a choibhéis san airgeadra náisiúnta; |
(c) | aerárthaí ar phraghas EUR 7 500 000 ar a laghad nó a choibhéis san airgeadra náisiúnta. |
2. Déanfaidh institiúidí creidmheasa agus institiúidí airgeadais a sholáthraíonn seirbhísí i ndáil le ceannach nó aistriú úinéireacht na n-earraí dá dtagraítear i mír 1 gach idirbheart a dhéanann siad dá gcustaiméirí maidir leis na hearraí sin a thuairisciú don FIU freisin.
3. Déanfar tuairisciú de bhun mhíreanna 1 agus 2 laistigh de na sprioc-amanna arna bhforchur ag an FIU.