Ní bheidh feidhm ag Airteagal 63 agus 64 maidir leis an méid seo a leanas:
(a) | cuideachtaí a ligtear isteach a n-urrúis chun a dtrádála ar mhargadh rialáilte, ar choinníoll: (i) | gurb é an duine nádúrtha a bhfuil na cearta vótála aige, agus é siúd amháin, a dhéanann an rialú a fheidhmiú; |
(ii) | nach cuid de struchtúr úinéireachta ná rialaithe na cuideachta aon eintiteas dlítheanach eile ná aon socruithe dlíthiúla eile; agus |
(iii) | i gcás eintitis dhlítheanacha eachtracha faoi Airteagal 67, gur ann do cheanglais atá coibhéiseach leo siúd dá dtagraítear i bhfophointí (i) agus (ii) den phointe seo faoi chaighdeáin idirnáisiúnta; |
|
(b) | comhlachtaí a rialaítear faoin dlí poiblí mar a shainmhínítear in Airteagal 2(1), pointe (4), de Threoir 2014/24/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle Treoir 2014/24/AE (IO L 94). |