Airteagal 61 – Úinéirí tairbhiúla gnóthas comhinfheistíochta a shainaithint

De mhaolú ar Airteagal 51, an chéad mhír, agus Airteagal 58(1), is iad na daoine nádúrtha a chomhlíonann ceann amháin nó níos mó de na coinníollacha seo a leanas úinéirí tairbhiúla gnóthas comhinfheistíochta:

(a)

tá 25 % nó níos mó acu, go díreach nó go hindíreach, de na haonaid sa ghnóthas comhinfheistíochta;

(b)

tá siad in ann beartas infheistíochta an ghnóthais comhinfheistíochta a shainiú nó tionchar a imirt air;

(c)

rialaíonn siad gníomhaíochtaí an ghnóthais comhinfheistíochta ar shlite eile.

Scroll to Top