I gcás iontaobhais lánroghnacha, nuair atá tairbhithe fós le roghnú, déanfar ábhair cumhachta agus faighteoirí i gcás mainneachtana a shainaithint. Beidh tairbhithe ar na hábhair cumhachta ina n-úinéirí tairbhiúla a luaithe a shainaithneofar nó a ainmneofar iad. Beidh faighteoirí i gcás mainneachtana ina n-úinéirí tairbhiúla nuair a mhainníonn na hiontaobhaithe a lánrogha a fheidhmiú.
I gcás ina gcomhlíonfaidh iontaobhais lánroghnacha na coinníollacha a leagtar síos in Airteagal 59(2), ní shainaithneofar ach aicme na n-ábhar cumhachta agus faighteoirí i gcás mainneachtana. Tabharfar fógra don Choimisiún faoi na catagóirí sin d’iontaobhais lánroghnacha i gcomhréir le mír 3 den Airteagal sin.