1. Cé is moite de dhaoine a ghlacann páirt i ngníomhaíocht na seoltán airgid arna sainiú in Airteagal 4, pointe (22), de Threoir (AE) 2015/2366, féadfaidh na Ballstáit a chinneadh daoine dlítheanacha nó nádúrtha a ghlacann páirt i ngníomhaíocht airgeadais faoi mar a liostaítear in Iarscríbhinn I, pointí (2) go (12), (14) agus (15), a ghabhann le Treoir 2013/36/AE ar bhonn ócáideach nó fíorannamh, i gcás inar beag riosca go dtarlódh sciúradh airgid, nó maoiniú sceimhlitheoireachta, a dhíolmhú ó na ceanglais a leagtar amach sa Rialachán seo, ar choinníoll go gcomhlíontar na critéir go léir seo a leanas:
(a) | go bhfuil an ghníomhaíocht airgeadais teoranta i ndearbhthéarmaí; |
(b) | go bhfuil an ghníomhaíocht airgeadais teoranta ar bhonn idirbhirt; |
(c) | nach í príomhghníomhaíocht na ndaoine sin an ghníomhaíocht airgeadais; |
(d) | go bhfuil an ghníomhaíocht airgeadais coimhdeach agus bainteach go díreach le príomhghníomhaíocht na ndaoine sin; |
(e) | nach í príomhghníomhaíocht na ndaoine sin gníomhaíocht dá dtagraítear in Airteagal 3, pointe (3)(a) go (d) nó (g), den Rialachán seo; |
(f) | gur do chustaiméirí phríomhghníomhaíocht na ndaoine sin agus dóibh siúd amháin a sholáthraítear an ghníomhaíocht airgeadais agus nach iondúil go soláthraítear don phobal í. |
2. Chun críocha mhír 1, pointe (a), ceanglóidh na Ballstáit nach sáróidh láimhdeachas iomlán na gníomhaíochta airgeadais tairseach a bheidh íseal go leor. Bunófar an tairseach sin ar an leibhéal náisiúnta, ag brath ar chineál na gníomhaíochta airgeadais.
3. Chun críocha mhír 1, pointe (b), cuirfidh na Ballstáit i bhfeidhm tairseach uasta in aghaidh an chustaiméara agus in aghaidh an idirbhirt aonair, bíodh sé in oibríocht amháin nó trí idirbhearta nasctha a chuirtear i gcrích é. Bunófar an tairseach uasta sin ar an leibhéal náisiúnta, ag brath ar chineál na gníomhaíochta airgeadais. Beidh sí íseal go leor chun a áirithiú gur modh neamhphraiticiúil neamhéifeachtach le haghaidh sciúradh airgid nó maoiniú sceimhlitheoireachta na cineálacha idirbheart atá i gceist, agus nach mbeidh sí níos mó ná EUR 1 000 nó a choibhéis san airgeadra náisiúnta, gan beann ar na modhanna íocaíochta.
4. Chun críocha mhír 1, pointe (c), éileoidh na Ballstáit nach mbeidh láimhdeachas iomlán na gníomhaíochta airgeadais níos mó ná 5 % de láimhdeachas iomlán an duine nádúrtha nó dhlítheanaigh lena mbaineann.
5. Agus measúnú á dhéanamh ar an riosca go dtarlódh sciúradh airgid nó maoiniú sceimhlitheoireachta chun críocha an Airteagail seo, tabharfaidh na Ballstáit aird ar leith ar aon ghníomhaíocht airgeadais a meastar gur an-dócha, de thoradh a cineáil, go mbainfí úsáid nó mí-úsáid aisti chun críoch sciúrtha airgid nó maoinithe sceimhlitheoireachta.
6. Bunóidh na Ballstáit gníomhaíochtaí faireacháin rioscabhunaithe nó déanfaidh siad bearta leormhaithe eile chun a áirithiú nach mbainfear mí-úsáid as na díolúintí a dheonaítear de bhun an Airteagail seo.