I gcás ina bhfuil eintitis chorparáideacha faoi úinéireacht ag struchtúr úinéireachta ilsrathach, agus inarb ann, i slabhra amháin nó níos mó den struchtúr sin, don leas úinéireachta agus don rialú an tráth céanna i ndáil le sraitheanna éagsúla den slabhra, is éard a bheidh sna húinéirí tairbhiúla:
(a) | na daoine nádúrtha a rialaíonn, go díreach nó go hindíreach, trí leas úinéireachta nó trí mhodhanna eile, eintitis dhlítheanacha a bhfuil leas úinéireachta acu go díreach san eintiteas corparáideach, bíodh sin ar bhonn aonair nó go carnach; |
(b) | na daoine nádúrtha a bhfuil leas úinéireachta acu, ar bhonn aonair nó go carnach, go díreach nó go hindíreach, san eintiteas corparáideach a rialaíonn, trí leas úinéireachta nó trí mhodhanna eile, an t-eintiteas corparáideach, go díreach nó go hindíreach. |