Is éard a bheidh in úinéirí tairbhiúla na daoine nádúrtha:
(a) | a bhfuil leas úinéireachta acu, go díreach nó go hindíreach, san eintiteas corparáideach; nó |
(b) | a rialaíonn, go díreach nó go hindíreach, an t-eintiteas corparáideach nó an t-eintiteas dlítheanach eile, trí leas úinéireachta nó trí mhodhanna eile. |
Déanfar rialú trí mhodhanna eile dá dtagraítear sa chéad fhomhír, pointe (b), a shainaithint go neamhspleách ar leas úinéireachta nó rialú trí leas úinéireachta agus i gcomhthráth leis sin.