Faoin 10 Iúil 2027, eiseoidh AMLA treoirlínte d’eintitis faoi oibleagáid maidir leis an méid seo a leanas:
(a) | na coinníollacha atá inghlactha d’eintitis faoi oibleagáid chun brath ar fhaisnéis a bhailíonn eintiteas eile faoi oibleagáid, lena n-áirítear i gcás dícheall cuí do chustaiméirí a dhéantar go cianda; |
(b) | róil agus freagracht na n-eintiteas faoi oibleagáid a bhfuil baint acu le cás ina mbeadh orthu bheith ag brath ar eintiteas eile faoi oibleagáid; |
(c) | cineálacha cur chuige mhaoirseachta maidir lena bheith ag brath ar eintitis eile faoi oibleagáid. |