1. Gheobhaidh eintitis faoi oibleagáid ón eintiteas faoi oibleagáid ar a bhfuil siad ag brath an fhaisnéis ar fad is gá maidir leis an ngnó atá á thabhairt isteach nó maidir leis na bearta díchill chuí do chustaiméirí a leagtar síos in Airteagal 20(1), pointí (a), (b) agus (c).
2. Glacfaidh eintitis faoi oibleagáid a bhraitheann ar eintitis eile faoi oibleagáid na céimeanna ar fad is gá lena áirithiú go gcuirfidh an t-eintiteas faoi oibleagáid ar a bhfuil siad ag brath na nithe seo a leanas ar fáil ach iad a iarraidh:
(a) | cóipeanna den fhaisnéis a bhailítear chun an custaiméir a shainaithint; |
(b) | na doiciméid tacaíochta ar fad nó na foinsí iontaofa faisnéise ar fad a úsáideadh chun céannacht an chliaint, agus, i gcás inarb ábhartha, céannacht úinéirí tairbhiúla an chustaiméara nó na ndaoine ar thar a gceann a ghníomhaíonn an custaiméir a fhíorú, lena n-áirítear sonraí a fhaightear trí bhíthin modhanna ríomh-shainaitheantais agus seirbhísí iontaobhais ábhartha mar a leagtar amach i Rialachán (AE) Uimh. 910/2014; agus |
(c) | aon fhaisnéis a bhailítear maidir le cuspóir agus cineál beartaithe na gaolmhaireachta gnó. |
3. Cuirfidh an t-eintiteas faoi oibleagáid a bhfuiltear ag brath air an fhaisnéis dá dtagraítear i míreanna 1 agus 2 ar fáil gan mhoill agus in aon chás laistigh de 5 lá oibre.
4. Sonrófar na coinníollacha maidir le tarchur na faisnéise agus na ndoiciméad a luaitear i míreanna 1 agus 2 i gcomhaontú i scríbhinn idir na heintitis faoi oibleagáid.
5. I gcás ina mbraitheann an t-eintiteas faoi oibleagáid ar eintiteas faoi oibleagáid atá mar chuid dá ghrúpa, is féidir nós imeachta a bhunaítear ar leibhéal an ghrúpa a chur in ionad an chomhaontaithe i scríbhinn, ar choinníoll go gcomhlíontar na coinníollacha a leagtar síos in Airteagal 48(3).