Airteagal 44 – Daoine atá faoi riteacht pholaitiúil ar tairbhithe de pholasaithe árachais iad

Déanfaidh eintitis faoi oibleagáid bearta réasúnacha chun a chinneadh cibé acu atá nó nach bhfuil na tairbhithe de pholasaí árachais saoil nó de pholasaí árachais eile a bhaineann le hinfheistíocht nó, i gcás inarb ábhartha, úinéir tairbhiúil an tairbhí, ina ndaoine atá faoi riteacht pholaitiúil. Déanfar na bearta sin tráth nach déanaí ná an tráth a íoctar nó a shanntar an polasaí go hiomlán nó go páirteach. I gcás ina sainaithneofar rioscaí níos airde, chomh maith leis na bearta díchill chuí do chustaiméirí a leagtar síos in Airteagal 20 a chur i bhfeidhm, déanfaidh na heintitis faoi oibleagáid:

(a)

an bhainistíocht shinsearach a chur ar an eolas sula n-íocfar fáltais pholasaí;

(b)

grinnscrúdú feabhsaithe a dhéanamh ar an ngaolmhaireacht gnó iomlán leis an sealbhóir polasaí.

Scroll to Top