(3) | na daoine nádúrtha nó dlítheanacha seo a leanas ag gníomhú dóibh i bhfeidhmiú a ngníomhaíochtaí gairmiúla: (a) | iniúchóirí, cuntasóirí seachtracha agus comhairleoirí cánach, agus aon duine eile nádúrtha nó dlítheanach, lena n-áirítear gairmithe dlí neamhspleácha mar shampla dlíodóirí, a ghabhann orthu féin, go díreach nó trí bhíthin daoine eile a bhfuil gaol ag an duine eile sin leo, cabhair ábhartha, cúnamh nó comhairle maidir le cúrsaí cánach mar phríomhghnó nó mar phríomhghníomhaíocht ghairmiúil a sholáthar; |
(b) | nótairí, dlíodóirí agus gairmithe dlí neamhspleácha eile, i gcás ina nglacann siad páirt, bíodh sé trí ghníomhú thar ceann a gcliaint nó ar son a gcliaint in aon idirbheart airgeadais nó réadmhaoine, nó trí chúnamh a thabhairt i bpleanáil nó i ndéanamh idirbheart ar son a gcliaint maidir le ceann ar bith de na nithe seo a leanas: (i) | ceannach nó díol réadmhaoine nó eintiteas gnó; |
(ii) | bainistiú ar airgead, urrúis nó sócmhainní eile de chuid cliaint, lena n-áirítear cripteashócmhainní; |
(iii) | cuntais bhainc, choigiltis, urrús nó cripteashócmhainní a oscailt nó a bhainistiú; |
(iv) | eagrú na ranníocaíochtaí is gá chun cuideachtaí a chruthú, a oibriú nó a bhainistiú; |
(v) | cruthú, cur ar bun, oibriú nó bainistiú iontaobhas, cuideachtaí, fondúireachtaí, nó struchtúr den chineál céanna; |
|
(c) | soláthraithe seirbhísí iontaobhais nó cuideachta; |
(d) | gníomhairí eastáit agus gairmithe réadmhaoine eile a mhéid a ghníomhaíonn siad mar idirghabhálaithe in idirbhearta réadmhaoine, lena n-áirítear i ndáil le maoin dhochorraithe a ligean, maidir le hidirbhearta ina bhfuil an cíos míosúil cothrom le EUR 10 000 ar a laghad, nó a choibhéis san airgeadra náisiúnta, gan beann ar na modhanna íocaíochta; |
(e) | daoine a bhíonn ag trádáil miotail agus clocha lómhara mar ghníomhaíocht rialta ghairmiúil nó mar phríomhghníomhaíocht ghairmiúil; |
(f) | daoine a bhíonn ag trádáil earraí ardluacha, mar ghníomhaíocht rialta ghairmiúil nó mar phríomhghníomhaíocht ghairmiúil; |
(g) | soláthraithe seirbhísí cearrbhachais; |
(h) | soláthraithe seirbhísí sluachistiúcháin agus idirghabhálaithe sluachistiúcháin; |
(i) | daoine a bhíonn ag trádáil nó ag gníomhú mar idirghabhálaithe i dtrádáil earraí cultúrtha, lena n-áirítear nuair is dánlanna agus comhlachtaí ceantála a dhéanann sin, i gcás ina bhfuil luach an idirbhirt nó na n-idirbheart nasctha cothrom le EUR 10 000 ar a laghad nó a choibhéis san airgeadra náisiúnta; |
(j) | daoine a stórálann earraí cultúrtha agus earraí ardluacha nó a thrádálann na hearraí sin nó a ghníomhaíonn mar idirghabhálaithe sa trádáil sin, nuair a dhéantar sin laistigh de shaorlimistéir agus trádstórais custam, i gcás ina bhfuil luach an idirbhirt nó na n-idirbheart nasctha cothrom le EUR 10 000 ar a laghad nó a choibhéis san airgeadra náisiúnta; |
(k) | idirghabhálaithe creidmheasa le haghaidh creidmheasanna morgáiste agus tomhaltóirí, seachas institiúidí creidmheasa agus institiúidí airgeadais, cé is moite de na hidirghabhálaithe creidmheasa a dhéanann gníomhaíochtaí faoi fhreagracht creidiúnaí amháin nó idirghabhálaí creidmheasa amháin nó níos mó; |
(l) | oibreoirí imirce infheistíochta atá ceadaithe feidhmiú mar ionadaí do náisiúnaigh tríú tír atá ag iarraidh cearta cónaithe a fháil i mBallstáit mar chúiteamh ar aon chineál infheistíochta, lena n-áirítear aistrithe caipitil, ceannach nó fáil maoine ar cíos, infheistíocht i mbannaí rialtais, infheistíocht in eintitis chorparáideacha, deonú nó dearlacadh ar ghníomhaíocht ar son leas an phobail agus ranníocaíochtaí le buiséad an stáit, nó oibreoirí imirce infheistíochta atá ceadaithe seirbhísí idirghabhála a thairiscint do na náisiúnaigh tríú tír sin; |
(m) | cuideachtaí sealbhaíochta seachairgeadais gníomhaíochta measctha; |
(o) | clubanna sacair ghairmiúil maidir leis na hidirbhearta seo a leanas: (i) | idirbhearta le hinfheisteoir; |
(ii) | idirbhearta le hurraitheoir; |
(iii) | idirbhearta le gníomhairí sacair nó le hidirghabhálaithe eile; |
(iv) | idirbhearta chun críoch aistrithe imreora sacair. |
|
|