Airteagal 25 – Cuspóir agus cineál beartaithe gaolmhaireachta gnó nó idirbhirt ócáidigh a shainaithint

Sula rachfar i mbun gaolmhaireacht gnó nó sula ndéanfar idirbheart ócáideach, déanfaidh eintiteas faoi oibleagáid a áirithiú go dtuigeann sé féin a cuspóir agus cineál beartaithe nó a chuspóir nó a chineál beartaithe. Chuige sin, gheobhaidh an t-eintiteas faoi oibleagáid, i gcás inar gá, faisnéis maidir leis na rudaí seo a leanas:

(a)

cuspóir agus réasúnaíocht eacnamaíoch an idirbhirt ócáidigh nó na gaolmhaireachta gnó;

(b)

méid measta na ngníomhaíochtaí atá beartaithe;

(c)

foinse cistí;

(d)

ceann scríbe cistí;

(e)

gníomhaíocht ghnó nó gairm bheatha an chustaiméara.

Chun críocha na chéad mhíre, pointe (a), den Airteagal seo, baileoidh eintitis faoi oibleagáid a chumhdaítear le hAirteagal 74 faisnéis chun a chinneadh an chun críocha tráchtála nó nach chun críocha tráchtála atá an úsáid atá beartaithe d’earraí ardluacha dá dtagraítear san Airteagal sin.

Scroll to Top