1. Beidh feidhm ag Treoir (AE) 2019/1937 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle Treoir (AE) 2019/1937 (IO L 305) maidir le sáruithe ar an Rialachán seo, Rialachán (AE) 2023/1113 agus aon ghníomh riaracháin arna eisiúint ag aon mhaoirseoir a thuairisciú, agus maidir le cosaint na ndaoine a thuairiscíonn na sáruithe sin.
2. Bunóidh na heintitis faoi oibleagáid bealaí tuairiscithe inmheánacha a chomhlíonann na ceanglais a leagtar amach i dTreoir (AE) 2019/1937.
3. Ní bheidh feidhm ag mír 2 i gcás inar duine nádúrtha nó duine dlítheanach é an t-eintiteas faoi oibleagáid nach ndéanann ach duine nádúrtha amháin a chuid gníomhaíochtaí.